Do Bhille Leictreachais Electric Ireland a thuiscint
1. Uimhir do chuntais
Is í seo uimhir do chuntais leictreachais Electric Ireland.
Luaigh an uimhir seo gach uair dá mbíonn teagmháil agat le Electric Ireland.
2. Chun fiosrú faoin mbille seo
Déan teagmháil linn ar 1850 372 372 le ceist a chur faoi do chuntas.
3. I gcás éigeandála nó idirscor leictreachais
Le héigeandáil nó idirscor leictreachais a thuairisciú, glaoigh ar ESB Networks ar 1850 372 999
4. MPRN
Aithníonn do MPRN (Uimhir Thagartha Mhéadarphointe) do cheangal le Líonra an ESB. Bíonn a uimhir féin ag d'áit chónaithe.
Beidh ort d'uimhir MPRN a lua má bhíonn ceist agat ar ESB Networks.
5. DG, MC agus Próifíl
Úsáidtear iad seo le do Chumraíocht Méadair agus Próifíl úsáide a shainaithint.
6. Uimhir Shonraisc
Bíonn uimhir shonraisc ar leith ar gach bille.
7.Seoladh Bille
An seoladh poist a chláraigh tú linn.
8. Is do _______ an bille seo
Ní bheidh aon seoladh anseo ach sa chás nach ionann an seoladh poist ar an mbille agus an seoladh soláthair.
9. Tréimhse Bhilleála
Sin í an tréimhse inar ídíodh an leictreachas atá mar ábhar leis an mbille.
10. Cineál an Léimh
Taispeánfar ceann de na teachtaireachtaí seo a leanas ar do bhille: 1. Léadh do mhéadar.
Thug teicneoir de chuid ESB Networks cuairt ar d’áit chónaithe agus léadh do mhéadar. 2. Rinneadh meastachán ar d’ídiú: Léamh measta bunaithe ar do léamha roimhe seo. 3.Tusa a léigh do mhéadar: Chuir tú do léamha méadair féin ar fáil dúinn.
11. Íocaíochtaí
Achoimre ar na hidirbhearta airgeadais ar fad ón mbille deireanach agus do chuid íocaíochtaí san áireamh.
12. Iarmhéid atá Tugtha ar Aghaidh
Sin é an t-iarmhéid iomlán dlite ón tréimhse bhilleála dheiridh.
13. Muirir don Tréimhse seo
Le miondealú a fháil ar do bhille féach ar chúl do bhille.
14. Iomlán Dlite
Sin í an íocaíocht iomlán atá dlite. Gheofar rogha modhanna íocaíochta ar chúl do bhille.
15. Íoc Faoin
Ní mór billí a íoc faoin dáta íocaíochta. Ceadaítear 14 lá creidmheasa i gcás billí gan riaráiste; bíonn billí i riaráiste iníoctha láithreach. Má íoctar an bille le dochar díreach, bailítear méid an bhille go huathoibríoch ó do chuntas bainc 14 lá ina dhiaidh sin.
16. Duillín Íocaíochta
Ba cheart an duillín seo a scor agus a úsáid chun íocaíocht nach íocaíocht dhírdhochair í a dhéanamh.
17. Praghasphleananna
Sin é ainm do phraghasphlean leictreachais.
18. Léamha Méadair
Taispeántar do léamh mhéadair reatha agus an léamh roimhe sin araon. Ciallaíonn ‘a' i ndiaidh na huimhreach gur léamh iarbhír atá ann, ciallaíonn ‘e’ i ndiaidh na huimhreach gur léamh measta atá ann agus ciallaíonn ‘c’ i ndiaidh na huimhreach gur léamh custaiméara atá ann.
19. Úsáid aonad x Praghas an aonaid
Líon iomlán na n-aonad a d’ídigh tú le linn do thréimhse bhilleála iolraithe faoi phraghas an aonaid.
20. Buanmhuirear
Taispeántar an buanmhuirear mar fhigiúr laethúil a iolraítear faoi líon beacht na laethanta atá clúdaithe i do bhille. Is féidir go ngearrfaí táille ísealúsáide ort i gcás nach n-úsáideann tú ach dhá aonad leictreachais nó faoina bhun in aghaidh an lae i dtréimhse bhilleála (61 lá de ghnáth).
21. An Tobhach Oibleagáide Seirbhíse Poiblí
Sainordú ón Rialtas is ea An Tobhach Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (PSO) agus é formheasta ag an gCoimisiún Eorpach chun tacú le leictreachas a ghiniúint ó fhoinsí inbhuanaithe, in-athnuaite agus dúchasacha.
Ríomhtar an tobhach agus deimhnítear é ag an gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh (CER) gach bliain ar aon dul leis an reachtaíocht lena mbaineann agus ceanglaítear ar gach soláthraí fuinnimh an tobhach seo a bhailiú ó chustaiméirí.
22. Astaíochtaí carbóin
Taispeánann sé an líon cileagram de CO2 a táirgeadh de thoradh an mhéid fuinnimh a d’ídigh tú sa tréimhse seo.
Má bhíonn tuilleadh eolais uait maidir do bhille, féach ar ár bhfíseán gearr thíos.