Bog abhaile, dún & bí páirteach
Ag Bogadh Abhaile
Conas is féidir liom mo cheangal soláthair leictreachais a fháil?
Más rud é gur dícheanglaíodh an soláthar leictreachais chun do thí, nó má tá tú ag bogadh isteach i dteach nua nach bhfuil soláthar leictreachais nó gáis ann, ba cheart duit é seo a dhéanamh …
- Athcheangal leictreachais: Glaoigh orainn ar 1800 372 999. Beidh an chéad chéim eile ag brath ar cá fhad ó shin a ndearnadh an soláthar leictreachais a dhícheangal.
- Dícheangailte feadh tréimhse níos lú ná dhá bhliain: Glaoigh orainn ar 1800 372 999. Tabhair do d'aire: i gcás áitreabh atá dícheangailte feadh tréimhse níos faide ná sé mhí, ní mór conraitheoir leictreach a fháil leis an sreangú a sheiceáil agus a dheimhniú.
- Tithe atá dícheangailte feadh tréimhse níos faide ná dhá bhliain agus tithe nua féintógtha: Glaoigh ar ESB Networks ar 1800 372 999 agus faigh conraitheoir leictreach leis an sreangú a dheimhniú. Ansin líon isteach an fhoirm iarratais ar cheangail nua (PDF) agus seol chuig: Oifig Sheirbhísí ESB Networks, Bosca Poist 29, Caisleán an Gharraí, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí.
- Ceangal nua in eastát tithíochta nó in árasán nua: Ba cheart duit glaoigh ar ESB Networks ar 1800 372 999 le d'Uimhir Thagartha Phointe an Mhéadair (MPRN) a thabhairt dúinn. Gheobhaidh tú do MPRN ó do thógálaí.
- Cá mhéad a chosnóidh sé? Féach ar liosta na dtáillí ESB Networks maidir le ceangal soláthair.
Was this content helpful?
Did this answer your question?
Thank you for your feedback
Related content
Bog abhaile, dún & bí páirteach
Ag Bogadh Abhaile