Skip to Content

Bogadh Tí le Electric Ireland

Táimid anseo le cabhrú leat an próiseas bogtha tí a dhéanamh chomh héasca agus is féidir. Léigh na ceithre rogha thíos agus roghnaigh an ceann is fearr a fheileann duit.

An bhfuil tú ag bogadh isteach, ag bogadh amach nó ag iarraidh cuntas a dhúnadh?

Cuntas nua a oscailt

Roghnaigh an ceann seo más mian leat cuntas nua Leictreachais, Gáis nó Débhreosla a oscailt linn.

Cláraigh inniu

Cuntas a aistriú chuig áit chónaithe eile

Roghnaigh an ceann seo má tá tú ag bogadh tí agus más mian leat an cuntas leictreachais nó gáis atá agat le Electric Ireland a aistriú chuig d’áit chónaithe nua. Níl le déanamh ach logáil isteach i do Chuntas ar Líne, do chuntas a roghnú agus nascleanúint a dhéanamh chuig “Bogadh Tí”.

Logáil isteach le haistriú

Cuntas a aistriú chuig duine eile

Ní féidir cuntas a aistriú chuig duine eile ach amháin i gcúinsí eisceachtúla. Más mian leat cuntas a aistriú chuig duine eile mar tá tú ag bogadh tí agus tá an duine eile chun glacadh leis na billí ina dhiaidh sin, ba cheart don duine eile a chuntas féin a oscailt. Féach ar an alt cabhrach atá againn maidir le hainm a athrú ar bhille le tuilleadh eolais a fháil.

Léigh an treoir áisiúil seo

Cuntas a dhúnadh

Roghnaigh an ceann seo más mian leat do chuntas leictreachais nó gáis le Electric Ireland a dhúnadh. Níl le déanamh ach logáil isteach i do Chuntas ar Líne, do chuntas a roghnú agus nascleanúint a dhéanamh chuig “Bogadh Tí”, áit a bhfeicfidh tú an rogha le do chuntas a dhúnadh.

Logáil isteach le cuntas a dhúnadh

Proudly supporting our communities