Billeáil & Íocaíochtaí
Billí a Thuiscint
Do bhille gáis a thuiscint
1. Uimhir do Chuntais
Is í seo uimhir do chuntais gháis Electric Ireland. Ba chóir duit an uimhir seo a lua gach uair dá mbíonn teagmháil agat le Electric Ireland.
2. Chun fiosrú faoin mbille seo
Déan teagmháil linn ar 1850 372 372 le ceist a chur faoi do chuntas.
3. I gcás éigeandála nó idirscor gáis
I gcás éigeandála, idirscoir soláthair nó chun dálaí contúirteacha a thuairisciú, glaoigh ar líne éigeandála Gas Networks Ireland 1850 20 50 50.
4.GPRN
Uimhir uathúil thagartha 7 ndigit is ea do GPRN (Uimhir Chlárúcháin Ghásphointe) a úsáidtear chun ceangal méadair gháis leis an líonra gáis a shainaithint.
5. Banda SA
A- 6,000 kWh, B- 6,000 kWh – 23,500 kWh, C- 23,000 kWh – 73,000 kWh,
Y- 73,000 kWh – 750 MWh, Z- 750 MWh – 5,500 MWh.
6. Uimhir Shonraisc
Bíonn uimhir shonraisc ar leith ar gach bille.
7. Seoladh Bille
An seoladh poist a chláraigh tú linn i dtosach.
8. Is do _______ an bille seo
Ní thaispeánfar aon seoladh anseo ach sa chás nach ionann an seoladh poist agus an seoladh soláthair.
9. Tréimhse bhilleála
Seo í an tréimhse inar ídíodh an gás atá mar ábhar leis an mbille.
10. Cineál an léimh
Taispeánfar ceann de na teachtaireachtaí seo a leanas ar do bhille:
1. Léadh do mhéadar - thug teicneoir de chuid Gas Networks Ireland cuairt ar d’áit chónaithe agus léadh do mhéadar. 2. Rinneadh meastachán ar d’ídiú: Léamh measta bunaithe ar do léamha roimhe seo.
3.Tusa a léigh do mhéadar: Chuir tú do léamha méadair féin ar fáil dúinn.
11. Íocaíochtaí
Achoimre ar na hidirbhearta airgeadais ar fad ón mbille deireanach agus do chuid íocaíochtaí san áireamh.
12. Iarmhéid atá Tugtha ar Aghaidh
Sin é an t-iarmhéid iomlán dlite ón tréimhse bhilleála dheiridh.
13. Muirir don Tréimhse seo
Le miondealú a fháil ar do bhille féach ar chúl do bhille.
14. Iomlán Dlite
Sin í an íocaíocht iomlán atá dlite. Gheofar rogha modhanna íocaíochta ar chúl do bhille.
15. Íoc faoin
Ní mór billí a íoc faoin dáta íocaíochta. Ceadaítear 14 lá creidmheasa i gcás billí gan riaráiste; bíonn billí i riaráiste iníoctha láithreach. Má íocann tú do bhille le dochar díreach, bailítear méid an bhille go huathoibríoch ó do chuntas bainc 14 lá ina dhiaidh sin.
16. Duillín Íocaíochta
Ba cheart an duillín seo a scor agus a úsáid chun íocaíocht nach íocaíocht dhírdhochair í a dhéanamh.
17. Praghasphleananna
Sin é ainm do phraghasphlean gáis.
18. Léamha méadair
Taispeántar do léamh mhéadair reatha agus an léamh roimhe sin araon. Ciallaíonn ‘a’ i ndiaidh na huimhreach gur léamh iarbhír atá ann, ciallaíonn ‘e’ i ndiaidh na huimhreach gur léamh measta atá ann agus ciallaíonn ‘c’ i ndiaidh na huimhreach gur léamh custaiméara atá ann.
19. Aonaid
Léiríonn an figiúr seo líon na n-aonad i méadair chiúbacha (m3) nó i dtroithe ciúbacha (ft3) atá mar ábhar leis an mbille.
20. Fachtóir Coinbhéartachta
An fachtóir coinbhéartachta a úsáidtear chun an gás a thiontú ó mhéadair chiúbacha nó ó throithe ciúbacha go kWh.
21. An gás a ídíodh (kWh) x praghas an aonaid
Líon iomlán na n-aonad a d’ídigh tú sa tréimhse bhilleála iolraithe faoi phraghas an aonaid.
22. Buanmhuirear
Taispeántar an buanmhuirear mar fhigiúr laethúil a iolraítear faoi líon beacht na laethanta atá clúdaithe i do bhille.
23. Cáin Charbóin
Thug an Rialtas cáin charbóin ar ghás nádúrtha isteach an 1ú Bealtaine 2010.
24. Astaíochtaí carbóin
Taispeánann sé an líon cileagram de CO2 a táirgeadh de thoradh an mhéid fuinnimh a d'ídigh tú sa tréimhse seo.
Má bhíonn tuilleadh eolais uait maidir do bhille, féach ar ár bhfíseán gearr thíos.

Was this content helpful?
Did this answer your question?
Thank you for your feedback
Related content
Billeáil & Íocaíochtaí
Billí a Thuiscint