Skip to Content
Billeáil & Íocaíochtaí Cabhrú Le Mo Bhillí

Conas is féidir liom mo bhille leictreachais agus gáis Electric Ireland a íoc?

Níorbh fhusa riamh do bhille a íoc. Agus tá réimse leathan roghanna íocaíochta ar fáil anois atá deartha chun íoc do bhille a dhéanamh níos áisiúla ná mar a bhí riamh cheana.

Is féidir leat íoc le do Chárta Dochair nó Carta Creidhmheasaclárú ar Chárta Dochair nó Gas Equaliser nó íoc le ceann de na roghanna seo a leanas:

Do Chuntas ar Líne

Is féidir leat do bhille leictreachais agus/nó gáis a íoc ach logáil isteach ar Do Chuntas ar Líne. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin is féidir déanamh amhlaidh anois chun lánleas a bhaint as íocaíochtaí simplí agus sábháilte.

Payzone


 Is féidir leat do bhille a íoc freisin i siopaí a bhfuil an lógó payzonear taispeáint iontu. Beidh do chárta Easypay nó cóip de do bhille de dhíth ort nuair a dhéanann tú d’íocaíocht.

Más mian leat cárta Easypay a fháil seol ríomhphost chugainn ag Service@electricireland.ie

Íoctar Mar A Úsáidtear

Is féidir leat breis airgid a chur isteach i do mhéadar Íoctar Mar A Úsáidtear Níos Cliste uair ar bith ach an fhoirm seo a úsáid. Más custaiméir gáis Íoctar Mar A Úsáidtear thú is féidir leat breis airgid a chur isteach i do chuntas in aon ionad díolacháin de chuid An Post nó PostPoint nó aon siopa a bhfuil an lógó payzone ar taispeáint ann.



In aon Ionad Díolacháin de chuid An Post nó PostPoint


 Íoc do bhille in aon ionad díolacháin de chuid An Post ar fud na tíre.  

Do Bhanc


I mbrainsí de chuid AIB
Íoc in aon bhrainse de chuid AIB trí úsáid a bhaint as an duillín Gioró Bainc ó do bhille.

 ATM Bhanc na hÉireann
Is féidir le custaiméirí de chuid Bhanc na hÉireann a gcuid billí a íoc ag aon ATM de chuid Bhanc na hÉireann. Baincéireacht ar Líne - Íoc trí sheirbhís baincéireachta idirlín (no teileafóin) do bhainc. Ná déan dearmad ar d‘Uimhir Cuntais 9 ndigit de chuid Electric Ireland a lua sa réimse tagartha.


MyBills.ie


 

Bain úsáid as mybills.ie, an tseirbhís íocaíochta billí in aisce ar líne atá á chur ar fáil ag An Post.

Tríd an bPost

Ní ghlacaimid le hairgead tríd an bpost. Seol seic (a tharraingítear ar sheic ó bhanc ceadúnaithe) le híoc le Electric Ireland agus do dhuillín Aistrithe Creidmheasa Gioró Bainc comhlánaithe atá ar fáil ag bun do bhille chuig:

Bosca PO 323
An tOileán Beag
Corcaigh

Sábháil Am!

Íoslódáil an aip íocaíochtaí s’againn.

Scéim Buiséid Teaghlaigh

Le haghaidh tuilleadh eolais agus foirm iarratais téigh chuig suíomh gréasáin An Post.

Was this content helpful?

Related content

Billeáil & Íocaíochtaí Billeála Ar Líne

How do I set up or change direct debit bank details (IBAN) online?

Read more
Billeáil & Íocaíochtaí Cabhrú Le Mo Bhillí

How can I request a copy of my previous electricity or gas bill?

Read more