Conas do mhéadar leictreachais a léamh
Conas méadar diosca imrothlaigh a léamh
Méadar Caighdeánach
Breac síos an uimhir atá ann, ag léamh ó chlé go deas. Déan neamhaird ar fhigiúirí atá dearg, nó ar fhigiúirí a bhfuil bosca dearg timpeall orthu
Agus ná dearmad, má tá taiscthéitheoirí agat, beidh dhá mhéadar den chineál seo agat.
Méadar lae agus oíche
Tabharfaidh tú faoi deara uaireanta go mbíonn na huimhreacha '1' agus '2' nó na huimhreacha Rómhánacha 'I' agus 'II' in aice le gach clár, rud a thagraíonn don chlár Oíche agus don chlár Lae faoi seach.
Cuirtear na muirir oíche i bhfeidhm idir 11 p.m. agus 8 a.m. (geimhreadh) agus idir meán oíche agus 9 a.m. (samhradh)
Méadar digiteach a léamh
Méadar Leictreonach Caighdeánach
Leis an méadar seo, ba cheart duit an cnaipe gorm ar an méadar a bhrú go dtí go bhfeictear 'Lá' nó Oíche' ar an scáileán. Ansin breac síos na huimhreacha ag léamh ó chlé go deas, agus déan neamhaird ar na figiúirí i ndiaidh na pointe dheachúlaigh.