Tá an chosúlacht ann go bhfuil mo bhille níos airde/ísle ná mar is gnáth, cad ba chóir dom a dhéanamh?
D'fhéadfadh do bhille a bheith níos airde nó níos ísle ag brath ar aon cheann de na fachtóirí seo a leanas…
(a) An bille measta é do bhille?
- Ar do bhille, má thaispeántar an litir “M” in aice le do léamh méadair, ciallaíonn sé gur léamh measta atá ann.
Léann ESB Networks do mhéadar ceithre huaire in aghaidh na bliana, mar sin gheobhaidh tú dhá bhille mheasta i gcónaí. Uaireanta, ní bhíonn ESB Networks nó Gas Networks Ireland in ann rochtain a fháil ar do mhéadar agus sa chás sin ní mór dóibh d'ídiú a mheas. Agus sa chás sin, nuair a bhfaighimid léamh uaitse, déanfaimid do bhille a leasú. Ach is féidir leat
léamh méadair a chur isteach ar líne pé uair is mian leat, agus ní bheidh ort fanacht má dhéantar amhlaidh.
(b) Cá mhéid lá atá i gceist le do bhille?
- De ghnáth, eisítear do bhille gach 61 lá, ach is féidir go dtiocfadh athrú air sin. Seiceáil líon na laethanta atá ar an mbille seo i gcomparáid le do bhille deireanach.
(c) Ar úsáid tú níos mó leictreachais nó gáis ná mar is gnáth?
Breathnaigh ar líon na n-aonad atá ídithe agat ar an mbille seo i gcomparáid leis na haonaid ar do bhille san am seo anuraidh. Cuimhnigh go n-úsáidtear níos mó fuinnimh le linn míonna an gheimhridh ná mar a úsáidtear i rith míonna an tsamhraidh. Gheobhaidh tú cabhair ónár n-uirlisí um
Bainistiú Cuntas Gnó Ar Líne leis seo a dhéanamh.
(d) Má tá méadar éavatach agat, ar sháraigh tú teorainn do liúntais le haghaidh aonad éavatach?
Is féidir tobhach a ghearradh ar do
tháillí Éavatacha má sháraíonn tú do liúntas le haghaidh aonad éavatach, arb ionann é sin agus aon trian d'iomlán do chuid aonad ginearálta.
Is féidir leat na táillí seo a sheachaint ach toilleoirí ceartaithe a fheistiú. Le tuilleadh eolais, cuir ceist ar do chonraitheoir leictreach.
(e) Is féidir gur tháinig athrú ar ár bpraghsanna
D'fhéadfadh do phraghsanna leictreachais agus gáis athrú ach fógróimid é sin duit roimh ré i gcónaí.