Conas is féidir liom léamh méadair leictreachais a chur isteach?
Agus do léamh méadair tógtha agat is féidir leat úsáid a bhaint as
foirm ar líne Electric Ireland le do léamh a chur isteach chugainn. Nó féadfaidh tú ár n-aip don léamh méadair a úsáid.
Is féidir leat ár n-aip léimh mhéadair a íoslódáil le haghaidh
Windows,
Android nó
iPhone. Déan cuardach ar an bhfrása “Electric Ireland Meter Reading”.
Beidh an fhaisnéis a leanas de dhíth ort leis an ngníomh sin a chur i gcríoch
- An t-ainm atá ar do chuntas Electric Ireland (ar fáil ar do bhille Electric Ireland).
- Uimhir do chuntais Electric Ireland (lar fáil ar do bhille Electric Ireland)
- Léamh méadair (ar fáil ar do mhéadar)