Conas léamh méadair gháis a chur isteach
Féadfaidh tú do léamh méadair gháis féin a thógáil agus é a chur isteach chugainn ar líne.
Faigh amach conas do mhéadar a léamh
anseo.
Bain úsáid as foirm ar líne
Electric Ireland le do léamh méadair a chur isteach
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ag teastáil uait leis an bhfoirm seo a chomhlíonadh…
- An t-ainm atá ar an gcuntas
- Uimhir an chuntais
- GPRN
- Uimhir an mhéadair
- Léamh méadair
Is féidir leat do léamh méadair a chur isteach ag baint úsáide as foirm ar líne
Gas Networks Ireland nó
Glaoigh ar Gas Networks Ireland ar 1850 427 732 le do léamh a chur isteach.
Ba chóir duit do léamh a chur isteach chuig Gas Networks Ireland laistigh de 24 uair an chloig ón am a fágadh cárta neamhrochtana ag an léitheoir méadair.