Conas a chabhródh Equaliser liomsa?
Is é Equaliser ár rogha maidir le híocaíochtaí seasta míosúla dochair dhírigh. Anois is féidir leat costas do bhille bliantúil leictreachais nó gáis a scaipeadh thar 12 íocaíocht chomhionanna mhíosúla, rud a thabharfaidh níos mó smachta duit ar do bhille.
Trí chúis le Electricity nó Gas Equaliser a úsáid
- Leis an rogha íocaíochta seo, beidh íocaíocht socraithe dochair dhírigh agat bunaithe ar an ídiú gáis a bhain le do sheoladh sa bhliain roimhe, agus a ríomhtar de réir na bpraghsanna reatha gáis atá ann inniu. Cuirimid lamháil theagmhasach de 10% le d'ídiú chun teacht le hathruithe gan choinne nó le haon athrú sa phraghas i rith na bliana.
- Is féidir leat do rogha dáta a roghnú don íocaíocht dochair dhírigh, idir an 1ú agus an 28ú lá d'aon mhí áirithe.
- Agus i gcás go mbeidh aon iarmhéid, le dul duit nó dlite uait, tabharfar an méid sin ar aghaidh le scaipeadh go cothrom thar do chéad 12 íocaíocht mhíosúla eile.
Léigh tuilleadh faoi Gas Equaliser nó Electricity Equaliser agus faoin tslí inar féidir leis cabhrú leat chun do bhille fuinnimh a bhainistiú.